Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caiseal | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a bhí Colmcille ag fagailt an Ghleanna bhí bean ann agus bhí bó aicí ag faghail bhais le péin.
Chuaidh sí fhad le Colmcille agus d'innis sí do fa'n bhó. Fuair Colmcille corda agus chuir sé cupla snaoidhm air agus dubhairt sé, "Ortha a rinne Colmcille de aon bhó amhain de chailligh dhuibh cos ar mhuir cos ar tír sgaoil snaoidhm agus leigheas builg." Nuair a chuaidh an bhean chun na bhaile bhí an bhó leasta.

Bailitheoir
Caitlín Nic Fhionnlaoich
Inscne
baineann
Seoladh
An Clochán, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Caitlín
Gaol
seantuismitheoir
Inscne
baineann
Seoladh
An Clochán, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge

Nuair a bhí Colmcille i nGleann an biadh a d'itheadh sé is eadh dulaman Carraic Cormadan, uisge dheoch a Dheochardán agus eorna Iomaire Chaim. Agus fásann cupla gráinin eorna go fóill thiar ag an Chorrán Bhuidhe.
Fosda duine ar bith a chuaidh go Carraic Coramadan fá choinne dulaman níor fhág duine ar bith é le mála folamh. Agus an sruathan a gheibheadh sé an t-uisge as ní teachaidh sé tirim a coidhche.

(leanann ar an chéad leathanach eile)