Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-bhean ina comhnuighe i nGaineamh uair amháin agus nuair a bhíodh bean an toighe ag gabhail bainne a bhuaileadh théigheadh an bhean eile amach go mbíodh an bainne buailte. Annsin thigeadh an sean-bhean isteach agus nuair a damharcadh bean an toighe sa chuinneoig ní bheadh im ar bith ann.
    Annsin rinne sé an cleas ceadhna lá eile agus chaith fear an toighe piosa trí bpighne amach as ghunna agus chuaidh sé isteach ina cois agus ní thiocfadh léithe an t-im a bhaint as an chuinneoig ní ba mhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ins an bhogach amuigh i bparráiste Baile an Droichidh...

    Bhí fear ins an bhogach amuigh i bparráiste Baile An Droichidh agus maidin amháin chuaidh sé suas go dtí an t-ardán a bhí os cionn an toighe go bhfeicfeadh sé goidé an áit a mbeádh Aifreann ann. Ní rabh sé i bhfad ann go dtáinic fear aníos fhad leis nach rabh aithne ar bith aige air.
    D’fiafruigh an fear coimhighteach dó goidé a bhí ag cur buaidheartha air. Dubhairt an fear go rabh sé ag iarraidh fear a fhághail goide an áit a mbhéadh Aifreann ann. “Innseochaidh mé sin duit”, arsa an fear coimhthigteach. “Bhéid Aifreann indiu thíos i lag ar an Ghleann Gheis ar an dó dhéag a chlog.
    Dubhairt fear an bhogaigh dá mbhéadh a phaidrín aige nach bpillfeadh sé na bhaile agus dubhairt an fear go dtabharfadh sé a phaidrín fhéin do. Thug an fear coimhthighteach a phaidrín fhéin dó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Giolla Easbuic
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Giolla Easbuic
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)