Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 017
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór éisg leis. Chonnaic an Naomh an fear ag teacht agus an mála mór ar a druimh leis agus chuaidh sé fhad leis an teach ina rabh an fear seo ina chomhnaidhe ann.
Nuair a chuaidh an Naomh isteach go dtí an teach chonnaic sé nach rabh aon duine istoigh ach an bhean. D'fhiafruigh sé do'n bhean cá mhead iasg a b'fuair na fir an oidhche roimhe sin. Dubhairt an bhean nach b'fuair siad iasg ar bith siocair go rabh eagla óirthí go mbéadh Naomh Colmcille ag iarraidh cupla ceann aca.
Bhí fhíos ag an Naomh go bh'fuair siad iasg agus dhubhairt sé "Má fuair siad iasg ní bhfuighidh siad iasg agus muna bh'fuair siad iasg gheobhaidh siad iasg" agus ó'n lá sin go dtí an lá a bhfuil indiu ann ní bh'fhuair siad iasg ar bith ins an áit sin. - Bhí bean Ghallda i na chomhnaidhe ar an Fhochair am amhain agus thug sí an cloc a bhí ar turas Cholmcille leithe agus chuir os cionn tobhar agus nuair a d'éirigh sí ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Canainn
- Inscne
- Fireann