Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Na Dlíthe Peannaideacha agus an Ceantar Seo”
  4. XML “Na Dlíthe Peannaideacha agus an Ceantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thainig arm saighdiuíri go Gleann oidhche amháin agus bhí siad ag gabhail an sagart a mharbadh lá tar na bharach bhí cailín aimsire ins an teach a dtheachadh siad ann agus bí Caitlioeach í. Cros siad uirtí gan a innse agus d’fan siad ag coimhead go maidín ar eagla go rachadh sí amach. Ar maidín lá thar na bharach bhí eagla orthá da mbéadh an cailín musgailte go go mbéadh sí ag an teach a rabh an sagart i bhfolach ann.
    Leig an chailín uirthí go rabh sí sa codhladh’ D’óigh siad na malaidheacha daoithe le coinnéal ach níor chorruigh sí. Nuair a bhí siad réidh le h-imteacht ní thiocfadh leobhtha na gunnaí a fhaghail thog tha musgáil siad an cailín agus bhí sise abaltá na gunnaí uilig a thoghail i gcuideacta a chéile.
    Béigin daobhtha imteacht an oidhche sin agus na gunnaí a fagháil na ndiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Nic Giolla Easbuic
    Inscne
    Baineann
  2. (Sgéal Eile) – bhí fear amuigh ar an bhogach uair amhain, deírigh sé máidin amháin agus d’fhiafruigh a bunad dó ca rabh sé ag gabail. Dubhairt sé go mbéadh sé ag siubhal leis frid an chnoc go mbéadh sé ag aifreann. Nuair a tháinig se go cnic Gleann Dhéis chonnaich sé fear ar ardán i bfad uaidh. Nuair a chonnaich an fear é d’imthigh sé ag reathaigh isteach i sgealpóig. Bhí fhios ag an fhear annsin gur sagart a bhí ag gabhail a léigheadh Aifrinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.