Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 050
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear i n-Gleann aon uair amháin darbh ainm "Johnny". ...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Le sin thug sé amach a sgian-phoca agus bhain greim ar chluais an phéis. “Bhainfidh mé a chluas díot muna dtarfaidh tú liom agus do ghealltanas a comhleanadh”, arsa Jonney. Tháinic an péis leis agus comhlíon sé a ghealltanas, agus sin a fath a bhfuil an oiread talamh ag bunadh I h-Icín ar an Bhaile Ár.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Lá amháin nuair a bhí Séamus Ó h-Icín amuigh ag déan-- poitín...

    Lá amháin nuair a bhí Séamus Ó’h-Icín amuigh ag déanamh poitín agus nuair a bhí sé ag éirghe dorcha tháinig reacht gcat isteach chuig teach an phoitín. Thóg Séamus a bhróg agus rinne sé poll ins an talamh agus chaith sé braon beag poitín isteach ins an pholl agus ar a bhomaite rith na reacht gcat chuig an phoitín agus d’ól siad é.
    Nuair a bhí sé ólta aca chrom siad a gceann le Séamus agus d’imtigh siad amach as toighe an phoitín agus ní fhacaidh Séamus iad ní ba [mh**]? An oidhche sin tháinig fear isteach chuige a bhi baidhte le fada agus sin sé a láim le Séamus ach sin seisean an maide-bhriste chuige agus rinne an fear a bhí baidhte le fada dhá chuid de’n maide-briste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ua Canann
    Inscne
    Fireann