Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tháinic trí péas thart. Théith na fir uilig ach Seán agus thóisigh na péis ag iarraidh é gabhadh ach fuair Seán greim ar smachtín mór de báta agus bhuail sé an truír aca. Cupla lá i na dhiaidh sin bithear ag gabhail toisg eile poitín a dhéanamh agus tughadh sgéala dó na péis. An oidhche sin tháinic beirt péis eile agus d’éirigh leo greim a fhagháil air ach bhris sé ar shiubhail ortha agus d’imtigh sé go h-Albain.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear sa Ghleann seo agus Ned Fiods a bhí mar ainm air. Lá amhain thug sé leis séan bhád agus chuaidh sé amach ag iasgaireacht, agus ní rabh duine ar bith leis ach é fhéin. Chuaidh sé amach giota maith agus dubhairt sé go rachaidh sé go bhfeiceadh sé bun na spéire. Bhí sé ag séoladh amach agus amach agus dubhairt sé nach rabh gar ar bith ann gur sgáile o’n fhairrge an spéir.
    Nuair a bhí sé ag tionntadh tháinic tonn an-mhór agus sgoilt sé an bhád agus chuaidh an bhad go tan na fairrge agus annsin toisigh Ned ag snamh agus snamh sé ceithre míle. Chonnaic sé long mhór agus snamh sé fhaid leis an luing agus chaith an captain rópa fhad le Ned agus tharraing sé isteach é. Bhí fiche fear bán agus aon is fiche fear dubh ann.
    Bhí fearg ar na dhubha siocair go rabh súil aca na fir bhána a chaiteamh amach san fhairrge. Dubhairt siad le Ned go gcaithfeadh sé troid le fear a ba láidre do na fir dhubha. Dubhairt Ned go rabh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seorsa Ua Gadhra
    Inscne
    Fireann