Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 220
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d'iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin dimthigh an t-Sasanach ag tarraingt ar Éirinn Nuair a tháinig an fear óg go teach an t-saor d’fhiafruigh an bhean do an ndearn siad an caislean Dubhairt sé go dearn acht go rabh locht air agus go rabh sé ag iarraidh ball iarann a leigeadh an locht sin D’innis an fear díthí fan cineal a bhí a dhith air Sa bhomaite d’aithin sise go rabh an fear i gcontabhairt bhais i Sasan Chuir sí sgeal chuig na gardaí theacht Tháinig siad agus dinnis an bhean dóbhtha go rabh an fear i gcontabhairt bhais i Sasan Thug siad san mac an t-Sasanach go príosún agus cuireadh sgéal chuig an rí go rabh a mhac i bhpríosún in Éirinn.
Bhí an rí iongantach buadhartha nuair a chualaidh sé seo agus diarr sé ar an t-saor a ghabhail go h-Éirinn agus a mhac a leagint amach agus a chur arais go Sasan agus thug sé cúig céad phunt do agus dimthigh an t-saor leis ag tarraingt ar Éirinn.
Nuair a tháinig se go h-Éirinn ba é an chéad rud a rinne sé a ghabháil go dtí an príosún in a rabh mac an rí agus (sé) ar seisean ma leigim cead na coise leat an dtabharfaidh tú cúig céad punt dom.
Thug mac an rí na cúig cead punt do agus annsin leigeadh amach é agus d’imthigh sé go Sasan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall