Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 164
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí cailín ar aimsir i dteach úr am amháin. Ní rabh duine ar bhith sa teach seo acht fear agus a bhean.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhí gúna dearg ar an cailín seo. Dubhairt an fear na bhfacaidh agus an cailín astoigh sa bhocsa san am céadna.
D’imthigh an fear leis annsin agus tháinig an cailín amach sa an bhocsa agus d’iarr sí ar an fhear í a fhágáil ag an teach a rabh sí ar aimsear ann. Dubhairt an fear go bhfágaidh agus dhfag. Nuair a d’innis an cailín do muinthear an toigh caidhé tharlaidh thug siad dinnear mór agus thug siad cuireadh don gaduidhe seo agus a mhathair agus thug siad cuireadh do beirt gárda fosta.
Nuair a bhí an gaduidhe agus a mhathair ag tarraingt ar an teach chuir siad an cailín agus na gárda i bhfolach. Nuair a tháinig siad isteach chuir siad fáilte rompa. Suidh siad uilig síos ag an tábla agus bhí achan duine ar a shamhain shuilt nuair a tháinig an cailín isteach agus d’innis gur seo an fear agus i mathair a ceangail sise do crann annsin thainig na beirt gárda agus thug leo an fear agus a mhathair agus chuir siad isteach i príosún iad.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhubhgain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath Bruithne Íochtarach, Co. Dhún na nGall