Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhaca mé dadaidh cosamhail leis ariamh”.
“Beirim isteach”, arsa sise, “go bhfuil an muileann sónnruightheach deas, acht níl do chaislean a cur leis ar chor a bith. Le taoibh a mhuileann ní amharcann sé dadaidh níos mó na cró. Ba chomhair duit a leithidh seo dá caislean a fhághail deanta”
“Tá sin ceart go leor”, arsan Rí, “acht ca bhfaghainn a fear a dheánfadh é”.
“Thig le Ruaidhrí a dheánamh mas mien leis é”, arsa sise. “Iarr air a theacht annseo i mbárach” ars an Rí.
Sásta go maith a bhí sí i na h-intinn féin ar a bealach ‘na bhaile na sé cinnte gur chuir sé scéim ar bun a chuirfeadh deireadh le Ruaidhrí.
“Caidé tá ‘na cheann anois”, arsa Ruaidhrí, nuair a chuela sé go rabh gnoithe ag an Rígh arais leis. Sé mo bharamhail sa, arsan bhean, “go bhfuil sé a dul a thabhairt tuilleadh airgid duit as deanamh an mhuilinn, na tá sé thar a bheith sásta leis”. Dimthigh Ruaidhrí bocht, agus ar ndóighthe shíl bhean nach bpillfeadh sé a choidhche.
Ní rabh sé i bhfad i lathair a Ríogh na go rabh fhios aige caidé marbh bhí an sgéal. “A léithidh seo da chaislean a chaithfeas tú a thógail damh”, ars an Rí agus ma dhuiltuigheann tú a dheánamh crochfar roimh deireadh na seachtmhaine thú”.
“Caithfidh mé a dhul ‘na bhaile i dtúis baire”, arsa Ruaidhrí. “Na bíodh sé abhfad go bpillidh tú” ars an Rí.(leanann ar an chéad leathanach eile)