Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 177
- XML “Fionntrá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Bíonn muilt agus sroite géur ann, bíonn bainne ceác ag maighdean
Dhá uan ag an chaora nach leigfeadh an roithe da cómhair,
Searrach i gcionn na ráithe go dtarraingeochadh sé carr ann
‘S nach ró-deas an bláth bhí fa Ard a toigh Móir.
Gamhain i gcionn a’ bhliadna bhí laogh aicí san bhuailidh
Ag clann óg na nIarlaí ag deanamh daobhta spóirt
Tráth théid’ sead fríd a dúithche bíodh a gcroidhe istoigh lán cúmhaidhe
Fa iad a bheith tabhairt cúil d’on chúirt sin Shéamuis Óig.
II
Leanbh i gcionn na míosa go n-olfadh gloine fíon ann
‘Gus go n-imtheochadh le gaoith mar liathroid ar a tráigh.
‘Gus annsin a pilleadh aníos dó Finn tragha go díreach
Is ró-dheas a sgríobhfadh sá B agus A.
Laidin agus béurla, frainncis agus gréigis
Lom-cheart na gaedhilge le caol-pheann ar chlár
Sin copy uilig ag Éire a leithid eile ‘ déanamh
Dheamhan réidh focal bréige ins an méid atá mé ‘rád.
III
Fa árd a toigh móir sin a ghuaiseas na sloighte
Ag mac Ríogh na h-Oige a fhoghlum cleasa lúith
Bíonn an eilit ann a tóraidh agus an gearrfiadh na dheoistín
I gcatrir bíonn a ceol ann i maol bios a cú
Bíonn an t-iasg ar a linn ann, an seabhac ins a’ choill ann
An chuach ins an gheimhreadh i bFinntra go mbíonn
Ubhaill fa na blath ann bíonn cúplaí cnó ann(leanann ar an chéad leathanach eile)