School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní rabh dadaidh aige le deánamh acht a gabhail ar a seachnadh arais. Chuaidh sé abhaile fa choinne loín, agus leig a bean uirthí go rabh a croidhe a briseadh le cumhaidh nuair a bhí sé ag imtheacht. Chuaidh sé leis giota den bealach agus í a síor-chaoineadh ag tionntadh an bealaigh chuir sí a dhá láimh fa dtaoibh dó agus thug póg do. Thionnthuigh sí annsin agus an sgreedfach a bhí aicí a baint mac-alla as a’ ghleann. Ghread Ruaidhrí leis. Tharraing sé ar a choill a dréim go dtiocfad an fear ruadh i na bhealach. Shiubhail sé leis isteach i ndoimhneacht na coillead acht ní rabh dul aige teacht air. Bhí a mhisneach agus a chroidhe chómhair a bheith caillte aige nuair a léim an ribineach ruadh amach roimhe.
“Go mbeannuigh Dia dhuit, a Ruaidhrí” ar seisean. “Go mbeannuigh an fear ceadna duit”, arsa Ruaidhrí. “Caidé do bhuaidhreadh indiu”, ars an fear ruadh.
“Tá”, arsa Ruaidhrí, go gcaithfidh mé caislin a thógail den Rígh, a leithid a’s ní fhacthas ariamh i nÉirinn i n Albain no i Sasain. Níl aon chiall agam fhéin leis agus caithfidh mé bheith baint chugam na cuirfidh sé ‘un báis mé”.
“Fan ort”, ars an fear ruadh, “níl a caislean a dhath níos doilightheacha a dheánamh na bhí an mhuileann. Seo ceithre clocha bána. Tug leat ‘na bhaile iad. Cuir ceann aca ag achan coirneail dea áit air a bhfuil a caislean le deánamh agus tafidh tú”.
Rinne Ruaidhrí mar h-iarradh air agus nuair a d’éirigh an Rí lá thar na bharach bhí an caislean(continues on next page)