School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal fá Ó Dómhnaill”
  4. XML “Scéal Eile fá Ó Dómhnaill agus a Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sul a rabh moran caill deanta aca. Dinnis siad dó caidé ba cúis leis. D’amharc sé thar a bhalla an droicid, agus chonnaic sé an mhin ag imtheacht leis a’ tuile. Ní rabh a bhean a dréim leis abhaile ar cor a bith nuair a labhair sé ag an doras.
    “A bhean a toighe”, arsa seisean, “mura bhfuil tuilleadh mine agat béidh do bhrachan lom”.
    (Críoch)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ní rabh siad a’ teacht le cheile go ro-mhaith, agus bhagair Ó Dómhnaill go gcuirfeadh sé ar siubhal ar fad í. “Bhal” arsa sise “de thairbhe sin ma chaithim-sa imtheacht ní iarrfaidh mé moran ort - go díreach trí ualach mo dhroma”. Ní mór sin” arsa Ó Dómhnaill, “tá sé na mhargadh”.
    I gcionn tamaill bhí tuitim amach eile eatortha, agus d’iarr Ó Dómhnaill uirthí a ghabhail abhaile cuig na h-athair, na nach dtiocfadh leisean a bheith gaibhte léithe ní bfuide.
    “Rachaid cinnte”, arsa sise, acht tá shúil agam nach dtearn tú dearmad de ar margad”.
    “Ní dheárn, maise”, arsa Ó Dómhnaill, “tug leat é”. Chruinnigh sé an méid óir a bhí fán chaislean, chuir ar a druim é, agus chuaidh amach ar an doras. I gcionn tamaill phill sé, agus chuir na trúir paisdí ar a druim agus amach leobhtha. Nuair a phill sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish