School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 179
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Thainig triur ban as Gleann-Cuilim-Cille uair amháin fhad le h-Aonach i nÁrd a' Ráth, agus ní rabh siad i nÁrd a' Ráth ariamh aroimhe.

    Thainig triur ban as Gleann-Cuilim-Cille uair amháin fhad le h-Aonach i nÁrd a' Ráth, agus ní rabh siad i nÁrd a' Ráth ariamh aroimhe, bhí siad a siubhal leobhtha go dtí go rabh siad ar an Bhreacaigh. Bhí muilleann san am sin ar a Bhreacaigh. Nuair a chonnaic siad an muilleann dubhairt bean aca go rabh an t-ádh ortha i gcómhnuidhe. “Sin tear”, arsa sise, turas (naomhtha) no nach bhfeiceann sibh an chros naomhtha a’ dul thart. Rachaidh muid siar go siubhailidh muid an turais”. Siar leobhtha agus dubhairt siad a n-urnaighthe ag an muilleann.
    “Caithfidh muid”, arsa bean aca, póg a thabhairt de’n chrois. Chuaidh duine aca isteach i dtoiseach a thabhairt an phóg de’n chrois, acht thainig an rotha uirthí sa béal agus níor fhág sé fiacal ann a cárr, nar bhris sé, agus bhí an fhiul a tuitem léithe. Chraith sé lámh ar an chuid eile, agus d’iarr ortha fanacht amach no narbh é an cross naomhtha a bhí ann cor ar bith acht crann tochairte an diabhail.
    Chuaidh siad anonn annsin a’ tarraingt ar an aonach. Chuaidh siad annsin go mullach Dhruim Bearrthainn agus dubhairt siad nach rabh gar daobhtha a dhul in aonaigh go dtéidheadh an t-aonach fa shuaimhneas. Ní rabh an t-aonach a’ socrughadh. Bhí daoine a’ dul soir, agus daoine a teacht anoir. Mhar sin go rabh an mheadhon oidhche ann agus bhí an triur bhan ar mhullach a chnuic rith an ama.
    (Críoch)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish