School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 162
  3. XML “An Clarcach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear a dtugtaoi “an Clarcach” mar ainm air na cómhnuidhr ar an Bhreacaigh Machtarach i n-am cogaid Chromail. Bhí a bhean marbh agus ní rabh aige acht é fhéin ag an fhaire. Ní dheachaidh sé na chnuic mar an chuid eile de na daoine. Nuair a chonnaic saighdiuir Chromail an solus chuaidh siad ‘den toighe chuiga, agus dfiafruigh dó caidén fáth mar imthigh sé ‘na chnuic cosamhail leis an chuid eile. Dubhairt sé go rabh a bhean marbh agus nac bfagfad sé í go dtí go gcuirfeadh sé í. D’fan siad aige go rabh nádur an lae ann. Déirigh siad amach ar maidin agus chonnaic siad fiach dubh thall ar bharr cnoc na Maoinigh. Bhí an fiach a deanamh cleas na feóla agus ar a bhomata buail sé isteach ann a gcinn go rabh daoine i bhfoloach thall.
    D’imthigh siad anonn agus mharbhuigh siad moran daoine i lág a bhí ann. Tá an lag le feiceail go dtí an lá tá indiu ann, agus sé an t-ainm atá air na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac a Ghoill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Anna Bean Uí Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Age
    75
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Sceadamán, Co. Donegal