Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhean a tuirtin, agus na gárrtha dearga caointe aicí, ina bfíor.
Shiubhail Ruaidhrí leis go rabh neóin beag agus deireadh an lae ann. Ag clap sholuis bhí sé a dul fríd choill stiles nuair a casadh fear beag ribineach ruadh air. “Go mbeannuigh Dia dhuit”, ars an fear beag ruadh. “Go mbeannuigh an fear ceadna dhuit fhéin”, arsa Ruaidhrí. “Ca bhfuil tú a dul”, arsan fear ruadh. “Innseochaidh mé sin duit”, arsa Ruaidhrí. “Tá ‘n Rígh a dul ‘a mo chur ‘un báis mur ndeánaidh mé muilleann dó ar a léitidh seo a dóigh. Níl an chiall agam fhéin leis, na ní fhaca mé dadaidh dén chineal ariamh. Níl a dara suidhe sa bhuailidh agam ann acht an tír a fhágailt agus a dul ar mo sheachnadh. Caithfidh mé a bheith ag imtheacht”.
“Glac d’am”, arsan fear Ruadh, “níl a mulleann comhdoiligh sin a dheánamh. Seo ceithre slata, tug leat iad agus sáith iad san talamh san áit a bhfuil a’ muileann le deánamh agus teifidh tú”.
Chuaidh Ruaidhrí ar ais fhad leis an Righ agus na ceithre slata leis. Thaisbhean an Rí do an áit ar imhaith leis [?] muileann a bheith deanta. “Toiseochaidh mé gan mhoill”, arsa Ruaidhrí ag imtheacht dó. Faoi choim na h-oidhche phill sé arais agus sháit na ceithre slata i n-áit na dubhshraithe, agus nuair a d’éirigh an Rí ar maidin le thar na bharach. Bhí an muileann críochnuighste, réidh. [M?] shásta go maith a bhí bean Ruaidhrí nuair a phill a fear agus an obair deanta. Chuaidh sé fhad leis an Rígh agus d’fiafruigh do caidé mar bhí an muileann ann a shásamh. “go h-an mhaith”, a dfreagair a Rí, “ní(leanann ar an chéad leathanach eile)