Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “An Playsham”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Tá an chúirt is breá in Éirinn agat dá mbeadh aghaidh ar aghaidh na gréine" arsa sí leis.
    "Ó dé maith sin" arsa sé " níl aon leighis anois air".
    "Tá" adúirt sí.
    D'iompaigh Liam Gréasaí é sinach go gallfá go gcuireá chun báis é mara d'iompócadh sí é.
    "Abairt leis teacht chugham" adúirt an duine uasal.
    Chuaidh sí abhaile is dúirt sí le Liam Gréasaí gur theastaigh ón duine uasal go raghadh sé ag triall air. D'imigh Liam ag triall air.
    "An tusa Liam Gréasaí?" adúirt an duine uasal leis.
    "Is mé" arsa Liam
    "Bhuel" arsa an duine uasal "tabhair aghaidh na cúirte seo ar aghaidh na gréine agus muna dtabharfadh tú cuirfidh mé chun báis thú i gceann ceithre uaire fichid.
    Bhí Liam ag imeacht leis agus ní raibh sé chun dul abhaile níos mó. Tháinigh bean leis. Beannaigheadar don a chéile.
    "Tá an aer fút" arsa sí le Liam Gréasaí.
    "O tá saobhar fúm agus scannradh orm" adúirt sé.
    ""A leithéid seo" arsa sé ag insint di i dtaobh na cúirte.
    "Dheara ná bíodh aon scannradh ort is fuirist an cúirt d'iompó" adúirt an bean, ag tabhairt slaitín draiochta dó.
    "Teighir leat anois" arsa sí "agus leag a an dtaobh is sia uait den cúirt ísi imigh leat agus stad san áit is maith leat an cúirt a stad".
    D'imigh Liam Gréasaí leis chuaidh sé ag triall ar an gcúirt , leag sé a shlaitín ar cliathán na cúirte "sea, gluais leat anois2 arsa sé leis an gcúirt. D'imigh sé leis agus bhí an chúirt á leanamh amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Bruadar
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áth na Croise, Co. Phort Láirge