Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 057
- XML “Naomh Pádraig”
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)charn agus fanfaidh sé ann go lá an luan.
- Bhí feirmeoir ar an mbaile seo roinnt bliaina ó shoin. Feirmeoir maith mór be eadh é agus bhíodh timpeall fiche bó a chruaite. Maidin amháin agus é ag tiomáint na ba abhaile chonaic sé sean phíosa córda snaidhme caite sa bhóthar. Rug sé air agus thug abhaile leis é, dúirt sé leis féin go mbeadh sé a'fuinneach lá éigin. Croch sé an chrúca taobh thiar de na ba é. Ón lá sin amach ní raibh ártaighe a dóthain aige chun an méid bainne a bhíodh ag na ba a coiméad agus ag dul i méid an bainne ó lá go lá, Sa deire chuaidh sé go dtí an sagart paróiste agus d'inis a scéal dó. Sa caint dó d'inis sé mar gheall ar an gcórda snaidhme a fuair sé. "Teigir abhaile" arsa an sagart leis "agus caith an córda sin isteach sa tine". Dhein an feirmeoir comhairle an t-sagairt agus ón lá sin amach ní bhíodh aige ach a cheart féin de bainne.
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Currach, Co. Phort Láirge