Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar mo leaba san oíche aréir dom
Agus mé im codladh comh socair agus go mbfhéidir liom
'Seadh do dhein mé taidbhrcamh go bain scille clé asam
Agus déanfaidh mé cuimhneamh go críoch mo shoghal air
Go bhfeaca mé chugham an bás le litir lán fé saoghla
Freagar gan spás 's na láthair féineach
D'feuchas air comh cruinn agus go mbféidir liom
Chonaic mé dhranndal gránnda lá 'lag mhéirgireach
Liath-the ar dath nn créithe
A cabhailín cnámha agus a dhá coisín caola
'S ón a bhonn go dtí na bharra ní raibh sprid a féithe
Bhí clog na shuan na lámh clé aige
Tóg sé claidheamh chun mé phlaosgadh
Fóil a bhráthair : grádh í an réidtheach
'S le h-eagla an timreas 's ná faighimís réidtheach
Fhaid thar lear thángís ar m'éileamh
Ní ragadh-sa leat thar leas más féidir
Go suidhfir síos agus do scéal a innsint
Cé aca fearr dul leat nó fuireach id dhiaidh
Fios do mheon nó cá bhfuil t-aodhaireacht- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Foghludha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge