Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “An Gobán Saor agus a Mhac”
  4. XML “Oíche Fhéile Mártain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí mac an Gobán Pósta agus nuair a tháinigh sé thar nais an dara lá, d'iarr a bhean de dé chúis ar chasadar. D'inis sé di conas mar a bhí. "A Amadáin" arsa sí "Inis scéal nó ráiméis éigin dó. Sin é a theastaíonn uaidh".
    An tríú lá chuireadar chun bóthair agus nuair a bhí tamall de'n bótharsiúlta aca. Dúirt an Gobán "Giorraigh an bóthar a mhic" agus thosnaigh an mac ag imirt sean-scéal éigin.
    D'imíodar leo ar an gcuma san gur shroiseadar áit a dtriall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Deirtear go raibh naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó oidhche Shamhna go dtí oidhche Fheil' Mhártain. Ba ghnáthach an t-am san go leór éisg a bheith á thógaint sa chuan i mBaile Mhic Códa agus comhairligh na h-iasgairí i dteannta a chéile gur b'é an feall leigeant don t-iasg dul le fán agus shocruigheadar as béal a chéile go gcaithfidís na líonta cé nár deineadh a leithéid le cuimhne aoinne riamh.
    B'é tuairim na ndaoine nár cheart dul ag iasgaireacht an oidhche sin. Le linn agus iad ag dul ins na báid tháinig fear ar dhrom chapaill bháin treasna na trágha agus dubhairt leó gan dul amach. Níor dhein sé acht an chainnt a rádh agus é ag gabhailt thórsta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge