Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 074
- XML “An Ciarraíoch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba cruiadh an saol é ag muintir na h-Éireann le linn an Gorta. Cuireadh na mílte ag Reilig a tSléibhe lámh le Dúngarbhán. Dá olcas é an scéal ag muintir na nDéise. Budh mheasa ná san é in áiteanna eile.
Le linn na h-aimsire son do ghaibh fear bocht ó Ciarraí thar bhrághaid anso. Is ar éigin a bhí ann siúl, seasamh ná labhairt le h-ocras anso agus gam-chúis. Buail duine des na comharsain leis agus do chuir sé caint air. Ba trua-mheileach an scéal a bhí le h-insint aige ar gan dada le n-ithe aga leath ach ocras s'uireasba ag planncadh a chéile. Beidís sásta go leor dá bhfaighidís duilleabar na dtorthaí féin d'fhághailt.
Bhí an scéal comh dona ag an fear bocht so gur caith sé a t-asailín do marbhú agus luige chuige á d'ithe. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc an faidh a sheasuigh sé sin ach ní bíonn in aon rud ach seal. Thug an fear isteach é agus thug sé roinnt le n-ithe agus le n-ól do. Thug sé feirín beag i gcóir an bhóthair do.
Sé bhí go buideach beannachtaí é. "Is fíor ar seisean "go mbíonn cabhair Dé an bóthair agus feicidh Dia dealbh fear t-aigne thoidhche". Do bhog sé bóthair abhaile ansan agus ní fhaca ná ní bfuinead tásg na tuairisc de san dúiche seo ó shoin.