Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhítí ag beiriú feola, feoil gabhair gus caorach ar an bPatrún fadó, sin Lá le Déaglán an 24adh lá Mí Iúil. Bhí búistéir ar an Patrún lá nach nuair a rug sé ar an gabhair chun é marbhú. Sháidh sé an gabhair chun a chuid feola a thabhairt nach ní raibh an pioc fola ag teacht. Sháidh sé an tarna babhta é agus an tríú babhta, ní fheadar sé cad a bhí ag imirt air nó dé cúis ná raibh an fuil ag teacht. Bhí na céadta daoine ag féachaint air. Dúirt sé leo ná faigheadh sé an gabhar a mharbhú agus go gcaithfeadh sé í scaoileadh. Bhí gach aon scréach ag an ngabhair.
    Dúirt duine éigint a bhí leath is muigh nó raibh aon fhaghail aige í mharbhú go raibh ortha na fola innte. Do labhair an búistéir leis an gcruinniú agus d'iarr ar an duine a dhein an dioghbháil an gabhar a sheoladh nó go gcuirfeadh sé an lá ina choinne agus dá ndéanfadh go dtabharfadh sé adúirt le n-ól do. Scaoil an fear ansan ar ortha agus d'imigh an fuil go léir as an gabhair. Glaodhaigh an búistéir ansan air agus d'óladar a dhóthaint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    3. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Deaglán Ó Loinnsigh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 55
    Seoladh
    An Currach, Co. Phort Láirge