Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Feirmeoir ba eadh a athair agus b'é an scoláire bocht an mac ba shine a bhí aige, ní raibh sé ag déanamh aon obair corpardha dó. In aice na tine a bhíodh sé ina shuí gach lá. Bhí an fhoghlaim air go h-árd bhí na bliainta ag imeacht agus thuig sé ina aigne nár aon mhaith bheith sa mbaile. dúirt sé leis féin aon oíche amháin go raghadh sé ar siúl maidean dos na mháireach féachaint an bhfaigheadh sé aon slí maireachtaint. D'éirigh sé ar maidin agus d'ith sé a bhricfást agus i mean-lae iseadh chuaidh sé ar siúl. Bhí sé ag siúl rith an lae go raibh crothnún na h-oíche ag teacht air gur seoladh isteach i gclaise sléibhe é. Dúirt sé go ceart go mbeadh tigh feirmeora san áit go bhfaigheadh sé lóistín ann. Bhuail tigh feirmeora air. Chuaidh sé isteach thar doras agus d'fhiafraigh sé de'n mbean tighe an raibh an máistir istigh. Dúirt sí go raibh . Dúirt sé gur ag lorg oibre a bhí sé. "Tá sé ag lorg fear oibre" arsa sí sin leis. "Bhfuil tú ábalta an ba bainne a chrú" arsa sí. "Atáim" arsa sí.
    Tháinigh an máistir isteach agus shocruigh sé leis ar feadh trí mhí sa Samhradh. Shocruigh sé síos ansan an oíche sin. Ar maidin dúirt an feirmeoir leis gurb é a bheadh le déanamh aige na ba a seoladh isteach gach amidin is tráthnóna agus faire na ndiaidh i rith an lae. Déirigh sé ar maidin agus rug sé na ba isteach leis. Crúdhadh (ar maidin) iad agus nuair a bhíodar crúidhta chuaidh an feirmeoir leis chun a teaspáint cá mbeidís ag inbhear. "Tá áitreabh fathaighe atá fé draíocht ar thaoibh an bhóthair agus caithfidh tú gan na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Concubhair
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Moiltineach, Co. Phort Láirge