School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 024
- XML “An Playsham”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Tá an chúirt is breá in Éirinn agat dá mbeadh aghaidh ar aghaidh na gréine" arsa sí leis.
"Ó dé maith sin" arsa sé " níl aon leighis anois air".
"Tá" adúirt sí.
D'iompaigh Liam Gréasaí é sinach go gallfá go gcuireá chun báis é mara d'iompócadh sí é.
"Abairt leis teacht chugham" adúirt an duine uasal.
Chuaidh sí abhaile is dúirt sí le Liam Gréasaí gur theastaigh ón duine uasal go raghadh sé ag triall air. D'imigh Liam ag triall air.
"An tusa Liam Gréasaí?" adúirt an duine uasal leis.
"Is mé" arsa Liam
"Bhuel" arsa an duine uasal "tabhair aghaidh na cúirte seo ar aghaidh na gréine agus muna dtabharfadh tú cuirfidh mé chun báis thú i gceann ceithre uaire fichid.
Bhí Liam ag imeacht leis agus ní raibh sé chun dul abhaile níos mó. Tháinigh bean leis. Beannaigheadar don a chéile.
"Tá an aer fút" arsa sí le Liam Gréasaí.
"O tá saobhar fúm agus scannradh orm" adúirt sé.
""A leithéid seo" arsa sé ag insint di i dtaobh na cúirte.
"Dheara ná bíodh aon scannradh ort is fuirist an cúirt d'iompó" adúirt an bean, ag tabhairt slaitín draiochta dó.
"Teighir leat anois" arsa sí "agus leag a an dtaobh is sia uait den cúirt ísi imigh leat agus stad san áit is maith leat an cúirt a stad".
D'imigh Liam Gréasaí leis chuaidh sé ag triall ar an gcúirt , leag sé a shlaitín ar cliathán na cúirte "sea, gluais leat anois2 arsa sé leis an gcúirt. D'imigh sé leis agus bhí an chúirt á leanamh amach(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Bruadar
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Crossford, Co. Waterford