School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 058
  3. XML “Uan na Caorach Glaise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir ann sa t-sean-aimsir, deirtí a dorcadh oíche Márta, ní mórán eallaí a bhí ag an bhfeirmeoir céana agus dá bhrí sin d-iarr sé ar duine des na buachaillí aimsire dul amach agus uan breá beathuighe a dtugadís uan na caoireach glasa a thabhairt isteach chun í a marbhú. Chuaidh an buachaill amach sa pháirc agus tiomáin an scata caorach isteach go dtí cúinne na páirce agus thug iarracht ar bhreith ar uan na caorach glaise. Ba bheag an mhaith dó mar ritheadar thall is a bhus air ins gach aon áit ar fuaid na páirce. Do dhein sé iarracht nó dhó eile ach ba mar a céile é ní raibh aon 'áil aige breith uirthi. An tríú iarracht a dhein sé d'imig na caoire go léir uaidh ar nós na sí-gaoithe agus chuir sé iongantas air nuair a chonaic sé iad go léir ag éalú uaidh i lár na páirce. Chuaidh sé díreach go dtí an áit a cheap sé a d'imíodar uaidh agus cad a chífeadh sé ansan ach sraith mór d'fód leathan iompuighthe agus ba dhóbair dó titim isteach ann. D'iompaigh sé cúinne an fhóid agus d'fhéach sé síos agus cad a chífeadh sé síos ach bánta míne leire agus an scata caorach ag mbear ortha. D'iompaigh sé thar nais an fód arís agus seo leis abhaile go dtí an mhuintir agus b'ait leo siúd dé chúis na raibh sé ag tabhairt an uan leis. "Cad a bhain duit" adeir an feirmeoir "nár thugais an t-uan leat".
    Níor thugas agus ní thabhar-sa ná a bhfuil annso sa tigh an t-uan ceanna leo. D'inis sé dhó a scéal ansan ach ní creidfeadh an feirmeoir é. "Mar a gcreidfar-san mé" arsa an buachaill aimsire
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Concubhair
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamultina, Co. Waterford