School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
An Ciarraíoch

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 074

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ba cruiadh an saol é ag muintir na h-Éireann le linn an Gorta. Cuireadh na mílte ag Reilig a tSléibhe lámh le Dúngarbhán. Dá olcas é an scéal ag muintir na nDéise. Budh mheasa ná san é in áiteanna eile.
Le linn na h-aimsire son do ghaibh fear bocht ó Ciarraí thar bhrághaid anso. Is ar éigin a bhí ann siúl, seasamh ná labhairt le h-ocras anso agus gam-chúis. Buail duine des na comharsain leis agus do chuir sé caint air. Ba trua-mheileach an scéal a bhí le h-insint aige ar gan dada le n-ithe aga leath ach ocras s'uireasba ag planncadh a chéile. Beidís sásta go leor dá bhfaighidís duilleabar na dtorthaí féin d'fhághailt.
Bhí an scéal comh dona ag an fear bocht so gur caith sé a t-asailín do marbhú agus luige chuige á d'ithe. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc an faidh a sheasuigh sé sin ach ní bíonn in aon rud ach seal. Thug an fear isteach é agus thug sé roinnt le n-ithe agus le n-ól do. Thug sé feirín beag i gcóir an bhóthair do.
Sé bhí go buideach beannachtaí é. "Is fíor ar seisean "go mbíonn cabhair Dé an bóthair agus feicidh Dia dealbh fear t-aigne thoidhche". Do bhog sé bóthair abhaile ansan agus ní fhaca ná ní bfuinead tásg na tuairisc de san dúiche seo ó shoin.

Language
Irish