School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 003
- XML “An Gobán Saor agus an Rí”
- XML “An Gobán Saor agus a Mhac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Is fíor duit”, arsa an Gobán, ag breith ar chloch (chloich) agus á caitheamh annús. Lean sé ag réabadh agus ag caitheamh na gcloch gur tháinig an righ amach agus buile an domhain air.
“Cad athá ar siubhal annsan agat”? arsa se leis an nGobán.
“Tá mé chun an caisleán seo a leagaint go talamh,” arsa an Gobán
“Fain”, arsa an righ “ná déin”. “Gheobhadh an dréimire duit”. Fuair, agus thug sé pé beagáinín airgid a bhí ag teacht dó chuige agus thug an Gobán a bhóthar air. - Lá dá raibh an Gobán agus a mhac ag dul i bhfad ó bhaile nuair a bhí steall maith den bóthar agus dhíobh aca "Giorraigh an bóthar dúinn a mhic" arsa an Gobán.
"Conas a bhfaigheannse an bóthar a ghiorriú" arsa an mac.
"Ó más mar sin é" arsa an Gobán "tá sé comh maith dúinn earadh" agus chuadar abhaile arís.
An lá ina dhiaidh sin chuireadar chun bóthar arís. D-imigheadar leo ar big shodar go dtí go raibh roinnt míltí siúlta. Ansan labhair an Gobán
"Giorraigh an bóthar a mhic" arsa an Gobán.
"Conas a bhfaigheannse an bóthar a ghiorriú" arsa an mac.
"Ó más mar sin é" arsa an Gobán "tá sé comh maith dúinn earadh" agus chuadar abhaile arís.(continues on next page)- Informant
- Eamonn hÍceadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Grange, Co. Waterford