School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 073
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fágailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile.”
Le linn an ghorta bhí na daoine san áit seo ag fághailt bháis mar a bhíodar i go leór áiteanna eile. Téigheadh go leór díobh go dtí tigh na mbocht in Dúngarbháin áit go raibh greim bídh le fághailt aca acht b'shin é an méid. Níí raibh trúagh ná taise ag aoinne dóibh ann. Bhí fear bocht in a chomhnuidhe i Lios Aodh Ruadh agus bhí an ocras ag goilleamhaint air, nuair a bhí sé ag dul ró dhian air. Chuir sé dhe go tigh comharsan - baintreach ba eadh í agus bhí croidhe cruaidh aici. Níor d'eirigh leis an bhfear mbocht an doras a sroisint thuit sé ag an ngeata.Chonnaic an bhaintreach é. Ghlaoidh sí ar an mbuachaill aimsire agus dubhairt leis an capall a ghóilt fé'n gcairt. Dhein. Cuir sí féin an fear bocht isteach sa chairt chun é thabhairt go dtí Tigh na mBocht. Nuair a bhí sí á cur sa cairt, d'oscail an fhear bocht na súile agus d'feach sé ar an mbean - aon fheachaint amhain annsan thuit sé síar marbh. D'fan an fheacaint sin i gcuimhne na baintrighe go lá a bháis.
( Fuairis cuid des na sgéalta gairide seo ó Labhrás Ó Dúnaighe. Tá comhnuidhe air i Lios Aodh Ruadh, Árd Mhór. Fuair sé ó'n a athair iad. Bhí comhnuidhe air i mBaile Uí Chuinn )- Informant
- Labhrás Ó Dúnaighe
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Lissarow, Co. Waterford