Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 023
- XML “An Playsham”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúirt sí go raibh Liam Gréasaí a bhaint gach aon snátha dá chuid éadaigh de agus í a chur in áirde thiar air agus í thabhairt don séipéil.
"Conas d'fhéadfadh é sin a dhéanamh" arsa Liam "ós comhair an phobail bheadh náire orm".
"An fonn atá ort do bhean breá a chaillúint" arsa na mná eile.
Bhailigheadar timpeall air agus níor fhágadar snáthas den éadach ineomat na h-uaire air. Nuair a bhí sé dearg nochtaithe aca phreab a bean in áirde thiar air, chuireadar díobh go breá go rabhadar ag gabháilt thar gáirdín cabáiste. Phreab a bhean anuas de, isteach léi sa gháirdín, streach sí dhá stampa cabáiste agus thug amach léi iad. Rop sí ceann aca i dtón Liam Gréasaí agus dhein sí side-saddle de agus leig sí ag gabháilt air leis an gceann eile. Chuireadar díobh agus gach aon stiall den stompa cabáiste aici air gur thángadar gairid don séipéil. Nuair a chonaic an pobal iad shíleadar gurb é an diabhail a bhí ann agus theith cuid maith aca. Nach nuair a chonaic Liam cuid aca ag teichead agus cuid aca ag fuireach, caith sé anuas í agus theith sé féin abhaile. Sin é an t-amadán a dhein sí sin dá fear agus sí fuiar an dinn óir.
Nuiar a fuair sí an t-airgead níor d'fain aon mheas aici ar Liam Gréasaí, b'fhearr léi go mbeadh sé marbh.
Nach bhí ministéir san áit agus bhí sí féin agus é féin an-muinteartha. Bhí tig duine uasail timpeall míle ó bhaile uatha agus bhí cúirt breá aige. Chuaidh sí ag triall ar an duine uasal so.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Bruadar
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth na Croise, Co. Phort Láirge