Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 233
- XML “Ag Cur na bhFataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirtear na fataí san Earrach. Ar dtús déantar iomairí san dtalamh. 'Sé an chaoi a déantar iomairí ná an bárr-fód glas d'iompódh bun ós cionn le spádi nó céachta. Cuirtear cúpla fód le chéile í líne amháin agus mar sin go deireadh na páirce agus bíonn iomaire déanta. bíonn clais fágtha idir gach dá iomaire.
Fhaid is a bhíonn na fir ag ullmhú na talmhan bíonn na mná ag gearradh nó ag sgoilltiú na bhfataí ina sgiollaín. 'Siad na fataí a ghearrann síad ná na famhairí mar is iad is fearr chun síl. Cuirtear laodhán ar an bpíosa a bhíonn fágtha indhiaidh an sciollaín. Má bhíonn ^ sgoillte ró luath cuirtear í mboscaí iad agus roinnt aoile leó. Sul a gcuirtear na fataí cuirtear aoileach ar an bpáirc.
Bíonn na páistí go crúadhógach lá curtha na bhfataí. Ar dtús teigheann fear thart ar na h-iomairí le stíbhín agus déanann sé puill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Logach, Co. Mhaigh Eo