Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eile “na Sídheóga.”Lá amháin chúiadh bean amach í gcóir uisge. D’fhág sí páiste ana ciúin sa gcliábháin. Ní bhíodh sé ag gol aríamh agus bhí an bhean go bríodamhail as. Ach núair a tháinig sí leis an uisge bhí sgéal eile aici. Níor bhféidir leis an pháiste do stopadh ach é ag caoineadh ó mhaidin go h-oidhche. Bhí an bhean cráidhte aige.
Úair amháin bhí táilliúir ins an dteach. Chúaidh an bhean go dtí an baile Mór agus d’fhág sí an páiste sa gclíabhán. Níorbh fhada gur léim an páiste amach as an gclíabhán agus fuair sé píopa agus thosuigh ag caitheamh tobac ar a dhícheall acht dúbhairt sé leis an dtáilliúir gan innsint do’n bhean. Bhí an fear ag fannacht leis an mnaoi agus sa deireadh chúaidh sé amach agus chonnaic sé í ag teacht. Dúbhairt an fear léithí a rith isteach igceann tamall agus bheith ag sgreadghail “Tá an lios tré theine.” “Tá an lios tré theine.” Rith an bhean isteach agus í ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Church Village, Co. Mhaigh Eo