Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn a lán féilí san dtí seo rith na bliadhna. I gciuimhne naomh nó duine beannuighthe a coinnightear na féilí.
Domhnach Cásga teigheann na daoine go léir ar Aifreann agus ceannuigheann na paistí a lán milseán agus bíonn feile mhór acu ar barra na sleibhte má bhíonn an aimsear go breagh. Bíonn an féile sin acu mar feadh na h-Inide ní itheann furmhor na bpáistí aon milseán. Domhnach Cásga freisin itheann na daoine a lán uibheacha agus san am fadó bhíodh na páistí ag goid uibheacha agus á bruith ins na pairceanna. B'é lá Fhéile Brighde an lá ba mhó a bhíodh acu fadó. Teigheadh fear an tighe amach agus bhailigheadh sé a lán luaithreach. Nuair a thiocfadh an fear isteach leobtha chuireadh sé na páistí go léir ina suidhe ar an urlár. Dheineadh siad crosanna beaga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Níoláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargain Mhór, Co. Mhaigh Eo