Scoil: Gort an tSiúrdáin (uimhir rolla 14534)

Suíomh:
Gort Mhic Shiurdáin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Módhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0106, Leathanach 471

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0106, Leathanach 471

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an tSiúrdáin
  2. XML Leathanach 471
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin bhí beirt buachaill ag rádh lé'n a chéile a dhul ag robáil ubhall ghuirt. Thógadar mála leóbhtha. Bhí turas fada le dul aca. Líonadar na málaí. Ní raibh fhios aca cé'n áit a b'fearr na n-ubhla a chómhaireamh. Thar éis tamaill chuimhnigh fear aca ar an dteampall. Bhí an teampall tuaram is míle ó'n áit in a raibheadar. Ar cuma ar bith chuadar go dtí é. Tosuigheadar ag roinnt na n-ubhla mar seo: - "Seo iad mo chuidsa agus seo iad do chuidsa". Nuair a bíodar ag dul isteach go dtí an teampall chailleadar dhá ubhall acht níor bhac siad leó go raibheadar ag filleadh. Nuair a bhí siad cómhartha aca dubhairt siad céard mar gheall ar an dá cheann a chaill siad. Bhí fear ag éisteacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Phroindargás
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Tomás a' Búrca
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tOileán Mór, Co. Mhaigh Eo