Scoil: Gort an tSiúrdáin (uimhir rolla 14534)

Suíomh:
Gort Mhic Shiurdáin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Módhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0106, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0106, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an tSiúrdáin
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann úair amháin agus bhí sé in a chómhnuidhe i dteach é fhéin agus a bhean. Bhí sruth beag taobh amuigh de'n doras. Chuaidh an fear amach lá amháin agus chonnaic sé bean in a seasamh taobh amuigh. Dubhairt sí leis gan teacht go dtí an sruth sin. Choinnigh se amach ó'n sruth annsin. Bhí mac amháin acu. Nuair a bhí sé fásta suas phós sé. Dubhairt a athair leis coinnigh amach ó'n sruth sin amuigh. Chuaidh sé amach lá amháin agus bhí madadh leis. Fuair sé coinín. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chuaidh sé go dtí an sruth. Chuir sé a lámh san uisce chun é a nigheadh. Tugadh é fhéin síos san uisce. Níor chuimhnigh sé ar an rud a dubhairt a athair leis. Nuair a bhí an fear amuigh bhí imnidhe ar a bhean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Mháille
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Máille
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tOileán Mór, Co. Mhaigh Eo