Scoil: Loch Measca
- Suíomh:
- Cathair Roibeird, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Measca
- XML Leathanach 332
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.I bhfad ó soin bhí fear ag teacht abhaile go deireannach san oidhche ó bheith ag imirt cártaí. Oidhche spéar gealaighe a bhí ann, acht mar sin féin bhí an fear an-nerbhíseach. Ar an bomaite céard a chonnaic sé ag siubhal amach roimhe acht fear agus é gléasta i n-éadaigh dubh. Is ar éigin a bhí sé i ndon siubhal. Bhain sé dhe a hata agus rinne sé Comhartha na Croise.
D'imthigh an spríd agus chuir sé a hata air arís. Do shiubhail an spríd amach roimhe arís. Ní raibh tuairm aige céard a dhéanfadh sé. Do rith sé leis agus rith an duine eile. Shiubhail sé agus shiubhail an duine eile.
Sa deireadh thiar thall bhuail sé ar doras an tighe agus thuit sé i lagar ar an urlár.
Bhí a bhean tré'n a chéile acht tháinig sé chuige féin i gceann tamaill. Annsin d' innis sé dí céard a thárla dó.
"Dia idir sinn agus an anacháin," arsa sise nuair a chuala sí an sgéal. D'fhéach an bhean ar an hata agus is annsin a bhfuaireadar amach go raibh cuid de ribín an hata ag slingeál [?] síos agus b'é sin an spríd a chonnaic sé.- Bailitheoir
- Treasa de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Peig de Búrca
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Mhaigh Eo