School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 243
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal.
    Bhí bean ann uair amháin agus bhí dhá giorrsach aici agus is annamh a chuaidh ceachtar acha na scóile acht ar ndóighe ní ortha a bhí an locht. Is iomdha lá a tháinig an sagart paróisde go dtí an teach indiaidh na páisdí act bhí an máthair ar shiubhal in áit éigin gach lá mar dheadh. Ar chuma ar bith bhí [$]? na páisdí sa bhaile an lá seo agus seo aníos an sagart ag tarraingt ar an teach.
    Chonnaic an mháthair e agus arsa sise leis an bheirt eile abarighidh leis go bhfuil mise ar shiubhal go dtí’n baile ag siopa dóireacht agus nach mbéidh me sa bhaile go dtí’n tráthnóna mall. Le linn seo a rád dimthigh sí siar faoi’n leabaidh acht bhí sí comh reamhar sin nach raibh áit go leor aici ann, agus bhí a cosa le feichéail ag teacht aniar as faoi’n leabaidh.
    Bhí bean do na giorrsachaí dul a innsint seo duithe nuair a shiubhal an saghart isteach agus shuidh sé ag an doras foscáilte agus é ag amárc aníos ar an leabaidh. I
    “Níl sibh ar an scoil indiu acht oiread” arsa seisean. Níl arsa siadsan le chéile dimthigh ar máthair go dtí an siopa agus béidh sé mall go maith nuair a thiocfas sí. Damharc an sagart ortha araon agus ar na cosa a bhí ag teacht aniar as faoi’n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide