School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 231
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Agus dól sí deoch eile agus dith sí an cuid eile de agus is í a bhí go bréag sásta leis. Comh luath agus bhí an céad éan ithte aicí agas gan aon chomhair ag an doctúir agus an duine uasal ag teacht. Damharc Nábla ar an dara éan agus ar sí an bhealach a dteachaidh an céad éan ba cheart an dara éan a ghul an bhealach céadhna. Go dearbhthe sílim da mbéadh deoch eile agam nach ndéanfhidh sé dochar ar bhith domh Dól sí deoch eile agus leag sí síos an dara éan an dóigh a chuaidh an céad cinn. Acht go díreach nuair a bhí sí ag cuireadh deireadh leis an dara éan cé chuir a ághaidh isteach ar an doras acht an doctúr. Déan deifre a Nábla ar seisean tá an duine uasal ag teacht agus béith sé annseo i gcinn cupla bómaite maith go leor a mhaighistír arsa Nábla tá achan rud comhair a bheith réidh agam. Chuaidh an doctuir go bhfeicfhidh sé rábh an tábla réidh agus ag breith ar an sgian mhóir a bhí leis na éaneacha a chéarbháil thosuigh sé ag cur faobar uirthi. Tháinig an duine uasal agus bhuail sé ag an doras leag Nábla isteach é agus nuair a bhí sé ag gábhail a labhairt chuir sise a mear ar a béal mar chomhartha gur chóir do a bhéith na thost - Glan amach as seo go tuith as thig leat arsa Nábla i gcogair na ma bhfagan a doctúir greim ort tá tú caillte. Dimhthigh sé Chuaidh Nábla isteach ag an doctúir agus í ag caonadh Caidé ta ort arsan doctúir, go direach nuair a bhí me ag tabhairt isteach iad sgiobh an duine uasal leis iadh. Maise is cinnte gur deas an munadh sin do dhuine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1741: The Priest's Guest and the Eaten Chickens
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide