School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Page 297
- XML “Bróga”
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó Baile mich Chairbre, Pilibh Ó Fianachta ó Bóthair na h-Uidhre agus Dáibhíd Ó Conchubhair ó Baile Ua Brian. Cuirtear taoibhíní, paistí, leath-bhuinn, sála ar bhrógaibh. Tá an cheárd ag Mac Craith agus Ó Conchubhair le sinnsearacht.
Is flúirsighe a bhíodh gréasaidhthe annso fadó ná mar atáid anois mar ní cheannuigheadh na daoine bróga ins na siopaí annsan, do dheineadh na gréasaidhthe bróga agus bhídís an ghnóthach.
Caithtí bróga bonn-adhmaid annso go dtí le déanaighe. Do dheineadh greasaidhte darbh ainm do Seán Ó Grádaigh ó Cill Mac Chonama iad. Do dheintí iad i nDúngarban leis agus dhíoltaí ins an áit seo iad. - Níl aon táilliúr sa parróiste anois, ach tá táilliúir in aici le Cill na mBenéid ach d'imthigh sé.
Ta beirt tailliuir i gCaisleán Nua na Céitinnig, agus beirt eile i nDroichead na nGabhar - na Corbáinig: is iad a dheineann éadaighe dos na daoine sa pharróiste seo.
Tagann Éamonn Ó Corbáín go dtí tigh ósta a tugtar "An Corcog" air gach Domhnach, tugann sé cultacha atá déanta aige leis agus tógann sé tomhais daoine eile. Is maith an tailliúir é.(continues on next page)