School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 289
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    8. Bhí bean ann fadó agus bhí leath-amadán de mac aici. Bhí an-chuid chíosa rithte ar an tigh aici agis bhí an tiarna gach aon lá ag lorg an cíosa uirthi.
    Tháinigh an tiarna an lá seo agus mharbhuig sí é agus chuir sí féin agus an mac an tiarna san gáirdín.
    Nuair a bhí an leath-amadán ina codladh an oíche sin, d'aistrigh sí an tiarna go dtí poll eile, do mharbhuig só gabhar agus chuir sí sa pholl a thóg sí an tiarna as é.
    Tháinigh mac an tiarna ag lorg a athair, chonaic sé an leath-amadán agus d'fhiafraigh sé de an bhfeaca sé a athair.
    Dúirt an leath-amadán go raibh sé curtha amuigh san gháirdín gur chuir sé féin is a mháthair ann é tar éis é marbhú.
    "Teaspán dom cá bhfuil sé curtha" arsa an mac.
    Fuair an leath-amadán rámhann agus chuaidh sé féin is an mac go dtí an gáirdín. Romhair sé suas an poll nó gur tháinigh sé go dtí ceann an gabhair. "An raibh adharca ar do athair?" arsa seisean. "Adharca fada ortsa" arsa mac an tiarna "dar ndóigh ní tú amadán ar mise".
    Aoinne a thugann a bheag nó a mhór dúinn
    Go dtógaidh Dia suas é.
    Aoinne ná tugann a bheag nó a mhór dúinn
    Go leagaidh an diabhal anuas é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    AT1698: Deaf Persons and their Foolish Answers [Including other misunderstandings which occur when people converse.]
    Language
    Irish