School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Sean Riabhach:
Fado riamh sa tsean aimsear bhí seana bhó ann go dtugaidís an tSean-Riabhach uirri. Nuair a bhí sí tar éis an Mhárta a chur dí agus droch Mhárta ba eadh é, "Anois a Mhárta" arsa sí, "mise neamh-spleádhach ledh dhicheall ar feadh bliadhna eile". "Fan go réidh", ars an Mhárta. D'iarr an Mhárta trí lá ar an Abrán chun deire a chur leis an tSean- Riabhach agus fuair sí na trí lá ó'n Abrán. Tháinig an chéad lá fluich, fuar, gaothmhar, níor tháinig a leithéid de lá ó shoin agus ní bhfuair an tSean- Riabhach teacht amach ó'n claidhe. Tháinig an tarna lá go breágh, grianmhar mar a thiocfadh lá sa Meitheamh agus chaith an tSean- Riabhach an lá 'á iompódh féin ós chionn na gréine. Tháinig an tríomhadh lá arís fiadhain, fuar, fliuch agus bhí an tSean- Riabhach gairid do bheith cailte leis an ocras. Chonnaic sí féar glas ag fás go breágh sa tuinn a bhí gairid di agus rith sí amach ó'n claidhe leis an ocras 'ghá ithe agus bascadh í. B'in í deire an tSean- Riabhach, "bíodh san agat anois a shean-Riabhach", ars an Mhárta. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- R. Ó Riain