School: Naomh Bríghid, Blackwater (roll number 7036)
- Location:
- Blackwater, Co. Wexford
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)soláirghthe aice-se dom sar a n-imtheochad"Cuaidh fear a' tige sa cheárdchain go moch ar maidin agus do rug leis bulog an bhacaig. Chuir sé an gabha as an leabaidh. Do bhuail sé bhulóg ar an mbórd chuige agus amach leo sa cheárdchain agus níor mhoill fhada do Sheán Bán pé obair a bhí ón bfeirmeoir a deanamh.Isteach leis chun a bhreicfeast. Bhí an bhulog ar an mbórd roimis agus chómh luath is do gearr sé í thuit na guimighthe aiste amach chuige ar an mbórd.'Sid iad airís iad" ar seisean "gréim (?) uait mar cniopaire bhacaig - ach ní scarfad a thuille leo mar chím anois go rabhadar geallta ag Dia dhom"Ní bfuair sé aon radharc eile ar an mbacach. Nuair a sholáirthig bean an fheirmeora an bhulog chun an bhacaig as go bráth leis airís.Bhí smut mhór de'n bhuloig san ithte aige fé'n oidhche agus ní raibh aon iongaige móra ag baint lei. B'fhearr an bhulog a thug an gabha dho ach níor dhien sé mar a dubhradh leis.Chriochnuig sé a shaoghal ar bhacachas agus níor fhill sé go deo ar a bhothán cois taoibh na h-abhann.