School: Naomh Bríghid, Blackwater (roll number 7036)

Location:
Blackwater, Co. Wexford
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0886, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0886, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Bríghid, Blackwater
  2. XML Page 152
  3. XML “Seanscéal - Seán Bán Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Béidir ná misde dhom an sgeal seo leanais do bhreacadh síos. Im' oige d'airigheas é agus ní fheaca ó shoin i leith fé clódh in aon leabhar Ghaedhluine é - i bhfios dom fhein ach go h-áirighthe. Seo agaibh é mar sin:

    Bhí cníopaire duine bhoicht ann fad ó . Do chomhnuig sé i mbothán cois taoibh na h-abhann. Bhí sé scannruighthe chun airgead a dheanamh. D'oibiruigheadh sé de ló is t-oidhche idir Domhnach agus lá oibre.
    Bhí roinnt ginighthe (?) bailighthe le chéile aige agus mar seo 'lár Domhnaigh nuair a bhí sé ag obair do labhair guth leis.
    "'Taoi ag briseadh na saoire" ars an guth "Tá airgead bailighthe agat agus d'á mhéid é do ghreim air is olc a n-imtheochaidh se uait mar bearfaidh Seán Bán Gabha uait an uile leath-phuighin de".
    Ní raibh fhios ag an gcníopaire seo cá raibh Seán Bán Gabha ná an taer os a chionn. Níor airig sé riamh teacht thairis ach do buaileadh isteach in a aigne gur bhitheamhnach Seán Bán agus go dtiocfadh sé chun é robáil.
    D'fonn bheith ullamh in a chóir bhailig sé le chéile a chuid airgid, chuir se poll
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish