School: Ladhar (C.), Bán-Tír (roll number 8665)

Location:
Lyre, Co. Cork
Teacher:
Síle, Bean Uí Chéilleachair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0361, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ladhar (C.), Bán-Tír
  2. XML Page 012
  3. XML “Caoineadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Agus go cnoicín a' galáin gurm
    Agus thar n-ais chun na Mínte Fliche
    Agus go Lios Ribín na mbó mbaineann (heifer calves)
    Agus go Tullaléas na gCléirig dhúthaigh (born natural)
    Mar a bhfuil a lán do d' mhuinthir
    A bhaineann líom-sa (loom) is lit-sa[?]
    Mo chara thu is mo rogha shearc
    'S tu gaol an sleachta nuadh
    Na mbó agus na cruach
    'S na Radhlan abhfad suas
    Ná cuirfeadh ar a mnáibh aon ghruaim
    O Dhaordaoin go Luan
    Agus ná dubhfeadh leis an bhfuacht
    Ac las a'theacht na ngruaidh
    Maidin gaoithe adtuaidh
    Agus barra buidhe ar an gruaigh.
    Ag éirighe síos 's suas
    Mo ghrádh thu, is mo thaisce
    Is tu gaol na dtaoiseac Fairsing (pron Fairsiog)
    Do thugadh mná óga d'fhearaibh: Agus mná na mac abaile
    Ní le h-urrsí ([?]) ná le banna
    Na le geallamhnaí maithe, Ach le h-ór buidhe 'bárr an [?]
    Agus le seana phúig (poc) ar a' maca
    Cé ná rabhadar ann ach tamall.
    Mo chara thu is mo laogh. Is cár gabhas ó mhaidin indé
    Nú ó thuit an oidhche aréir: A' rabair ag Aifreann Dé
    Nú a'bhfeacais Flaitheas na Naomh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Chathasaigh
    Gender
    Female