School: Ladhar (C.), Bán-Tír (roll number 8665)
- Location:
- Lyre, Co. Cork
- Teacher: Síle, Bean Uí Chéilleachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ladhar (C.), Bán-Tír
- XML Page 040
- XML “Aiséirí Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luighim insa leabaidh mar a luighfead san uaig
Deinim faoistin leat go cruaidh a Dhia
Táim ag lorg na h-asplóid ort ' Íosa Chríost
Pardún agus maitheamhnachas a thabhairt dom pheacaibh
Droch labharta no bhéil, droch smaointe ma chroidhe
Má dubhart rud ná raibh fíor
Má geallas rud ná coimhlíoneas
Cumaraí m'anam ort ' athair agus a Rí Comhachtach
Agus a Mhichíl Bheannuighthe an teachtaire Ro-glórmhar
D'á bhfuil d'ainglibh agus d'aspolaibh i gCathair na Tríonóide
Míle fáilte romhat a Dhomhnaigh bheannuighthe
Thug lá agus oidhche dhúinn chun freagartha
Feúchaint suas ar Mhac an Bhanaltran
A Mhuire Beannuighthe agus a [?] Mhic Dé na nGrást
Beir m'anam leat go Parrathas cun suaimhneas d'fhághail
Ó bhriseas mo chroidhe le baois na h-óige
Ó dhul in aois dom níor stríocas fós duit
Cuirim ar mo dhá thaobh agus rompa
Dúiltuighim do'n diabhal agus d'á cómhachta
Ar eagla do dhul go dtí an corragaoile (corr= brink geimhleath = bondage)
'Muire 'gus Íosa glac mé, i d láimhaibh
Ar eagla na tuille tréana
A Mhuire feách agus ná fág.
A Mhuire Mhór mheidhrig 's a Mhaighdean Ro-glórmhar
Tabhair dom radharc ar do theighleach
Agus ar do thigheas glórmhar(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chathasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Kilmacurrane, Co. Cork