School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 369

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 369
  3. XML “Laethanta na Seachtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus cuireann na daoine mórán síolta an lá san. Ní phósann aoinne ar an Luan ar an gCéadaoin ná ar an Aoine. Laethanta casta na bliadna a tugtar ar an gcéad agus ar an tríomhadh lá d'en bliadain agus deirtear nach cheart aon obair do tosnúgad na laethannta san.
    "Aistríughadh an Aoine ó thuaidh
    Aistríuighadh an Luan ó dheas
    Mura mbeadh agat ach caora is uan
    Ní eireócadh an chursa leat"
    Bí seana bhó riabhach ann fadó. Bhí an dá lá déug deirneach be'n Mhárta ana olc. Cheap an tseana bó dá mbeadh deire an Mharta tagaithe ná beadh aon baoghal uirthi. Táinig an lá deirneach de agus dúbhairt an bhó riabhach. "Slán leat a bhreimnig bhréin". Ach d'iarr an Márta cúpla lá ar iasacht ar an Aibreáin agus fuair sí iad. Tháinig na laethannta san go fliuch fuar gaothmhar agus do fuair an tseana bhó riabhach bas. Laethannta na bó riabhaithe a tugtar orta san agus is gnáth go mbíonn siad ana olc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Céilleachair
    Gender
    Male
    Age
    64
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork