School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 340

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 340

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 340
  3. XML “Jack Nasty”
  4. XML “Táilliúir na Samhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chúil Aodha ag deisiughadh bróg. Jack Nasty leas-ainm a bhí air ach Seán Ó Mathgamhna a b'eadh a ainm cheart. Do bhísé tímcheall le seachmhóghadh bliadhain an uair sin ach ní admhóchadh sé é. Deireadh sé i gcómhnuidhe gur triochad a naoi bliadhna d'aois a bhíodh sé as d'fhan sé an t-aos céadhna chun gur cailleadh é.
    Bé an chúis ná h-admhóchadh Jack ná raibh sé níos sine mar bhí straidhn chun pósta air go bhfuair sé bás. Aon tigh 'na mbeadh sé ag obair ann agus go mbeadh cailín óg ann do bhailigheadh na cómharsain isteach chun spóirt do bheith acu ag déanamh cleamhnais do Jack as do'n chailín óg. Do rith leis go maith chun gur tháinig inghean Dhonnchadh Bhig Uí Dhuinnín ó America. Thosnuig cleamhnas ar siubhal do Jack as dúbhradh go raibh morán airgid aige. Do bhí gach aon ní ag rith go maith as an púncán sásta leis an gcleamhnais mar dheadh. Socruigheadh go bpósfaí iad ar a tría chlog an Domhnach a bhí chúcha. Nuair a tháinig an Domhnach do bhí Jack agus Mícheal Ó Murchadha ag tig an chailín óig. Sé Mícheal a bhí na finné. Do ghléas sé Jack suas na choiléar a's tie. Nuair a tháinig am an phósta amach leó fé dhéin an t-séipéil iad féin agus an cailín óg ach mo lom chráidte nuair a shroiseadar an bóthar bhí bligeárdaithe an bhaile bailighthe ann. Do cuireadh Jack agus Micheál Ó Murchadha isteach go tig Phádraig De'lása le scrathacha agus crústaíagus chaith Jack fanamhaint ann go dtí an lá na dhiaidh. Ní airigheadh puinn mar gheall ar cleamhnaistí Jack ó shoin ach d'fhan an straidhn pósta air go dtí go bhfuair sé bás tímcheall le dachad bliadhain ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Táilliúr a b'eadh é d'oibirigheadh ó thig go tig ar fuaid na paróisde agus is mó bríste clutmhar bréide a dhein sé na lá. Bhí ana
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.