School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 319
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mór go raibh ana chuid garraidhe aige. Bhí sagart paróiste cómhngarach do'n áit agus ní thugadh sé déirc, geim le n-ithe ná balcius éudaig d'aon duine bocht do thagadh chun an tíghe.
    Do bhí seisear fear ag obair in aonfheacht le h-Éoghan agus nuair a bhí sé ag druideamhaint cómhngarach le h-am dínnéir do chuir duine des na fearaibh geall le h-Eóghan ná féudfadh sé dínnéar do bhainnt do'n Sagart. Chuir Eóghan an gealll leis go bféudfadh.
    Chaith sé uaidh a rámhan agus súid fé dhéin tíghe an t-Sagairt é. Do bheannuig an Sagart do agus do bheannuig Eóghan don t-Sagart.
    "Airiú a athair cad a dhéanfá le h-airgead dhá bfaighfeá ag dul amúghadh é" arsa Eóghan. "Tar isteach" arsa'n Sagart. Do chuaidh Eóghan isteach agus do shuidh sé síos. D'órduig an Sagart do'n chailín aimsire dínnéar d'ollmhúghadh d'Eóghan. Do bhí go maith agus nuair do bhí an dínnéar ollamh d'ith Eóghan a dhóthain. Nuair a bhí an biadh ithte agus é chun teacht thar nais arís dúbhairt an Sagart leis. "Anois a Eóghain cad mar gheall ar an airgead san a fuarais ag dul amúghadh." "Á a athair" arsa Éóghan, "ní bfuaras aon airgead ag dul amúghadh ach cad a dhéanfá le h-airgead dá bfaighfeá ag dul amúghadh é?" "Sgrois as mo radharc" arsa'n Sagart. Bhí an dinnéar agus an buadh agus do dhein sé bhéarsa annsan:-
    Ceathrar Sagart gan bheith sanntach,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Muláin
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Oibrí
    Address
    An Muirneach Beag, Co. Cork