School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 313
- XML (no title)
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí droichead cláir ag an Muileann fadó...”
You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.- Bhí tigh tailiúr Crowel sé sin athair "Ghaedhil na nGaedhal" ar an dteórainn idir Dhoirín Áluinn agus Doire na Sagart. Tá an cabhlach ann fós, is ar bhóthar Doirín Áluinn atá sé . Deireadh an tailiúr go gcodhaluigheadh sé i nDoirín Áluinn agus go mbíodh a bhreicfeast aige i nDoire na Sagart gan an tigh d'fhágaint.
Is amhlaidh a théigheadh sé tímcheall chun na dtighthe chun tailúireacht é féin agus a chlann agus a phríntísig agus d'fhanaidís sa tig go dtí go mbeadh éudach do'n lion-tíghe déunta acu. Bhíodh ana shaoghal sa tigh sin ar feadh seachtmhaine geall-leis mar do bhaillígheadh na chómharsain isteach istoidhche chun a beith ag éisteacht leis na tailúirí ag ínnsint sgéul agus ag ceapadh fuillídheachta.
Uaireanta thugaidís seachtmhain na dtáilúirí air. Tugadh bean a' ríghe gloine uisge beathadh do'n tailúir gach maidin roimh breicfeasta agus ní bhíodh aon fhonn oibre ar an dtáilúir go bfhaghadh sé braon. Ní gheibheadh na príntísig aon bhraon ámhthach, ach uaireannta do gheibheadh an journey man a bhíodh ag obair ag an dtáilúir braon chómh maith leis an dtailúir féin.
Ní bhíodh an mhiosúr ag na táilúirí fadó, is amhlaidh a gheárraidís mont i bpaipéar chun toise do thógaint.