School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 289
  3. XML “Rudaí go bhFuil agus go mBíodh Meas orthu sa Bhaile”
  4. XML “Bia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aice agus deireadh sí Paidir agus Cré ag piocadh gach gas. Do coimeádtí an t-aitean san sa tig i gcaitheamh na bliadhna. Deirtí go gcoimeádadh an t-aitean Mhuire iad ó bheith ag dul amúgha agus go gcoimeádadh an Seamar Mhuire na púcaí uatha. Tá na gais sin ag fás fós ach ní bhacann aoinne leó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tímcheall céad bliadhain ó shoin ní raibh ciotal, ná corcán té, ná sgian ar an dtaobh so de'n parróiste ach ag aon bhean-tíghe amháin. Nuair a bhíodh stáisiún i dtig caithtí na h-earraí sin d'fhághail uaithe siúd.
    Bhí naoi dtighthe i n-aice a chéile i nGort na Scairte agus leite a bhíodh acu i gcóir suipéar gach oidhche. Ní raibh ach leath dosaen spiún acu eatorra. Bhíodh suipéar ana luath ag muinntir an chéad tíghe gach oidhche. Chuiridís na spiúin go dtí an tarna tig. Nuair a bhídís san críochnuighthe leó cuiridís go dtí an tríomhadh tig iad agus mar sin dóibh. Bhíodh sé 'na mheadhon oidhche geall leis nuair a bhíod suipéar ithte ag an dream deireanach.
    Sé an gnáth bhiadh a bhíodh ag na daoine ná na prátaí agus bainne reamhar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Feirmeoir beag
    Address
    Cúil Aodha, Co. Cork