School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 026
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tímcheall céad blian ó shoin chómhnuigh fear de mhuinntir Choitir i gCappac na luathadh in aice le Beanntraighe.

    (continued from previous page)
    Tar éis tamaillín eile chonnaic sé solus i dtig eile agus chuaidh sé fé'n a dhéin. "Bfhéidir go bfhuighinn cead bheith istig, san áit seo" ar seisean. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus d'oscail bean é. Chuir sí fáilte roimhe agus dubhairt leis suidhe síos cois na teineadh. Dinnis se di an cruaidh-cás in a raibh sé, agus mar ar chuaidh sé ar strae ag filleadh do Beanntraighe ó Mághcromtha ar an gcomhgair. "Arú" ar sise "tá'n tú mílte as an slighe anois. Táir i nGleann Fleisc i gCiarraighe."
    "Cad é an saghas iad na comharsana annso agaibh" ar seisean. "Chuadhas isteach i dtigh annso agus b'ait an fáilte a fuaras." Dinnis sé dí i dtaobh an bhean a tagadh ón seomra.
    "Níl aon tig in aon chor comhgarach don tig seo" ar sise. Is istig san gcómhla breac a bhís Osclann an carraig mar sin uair amháin ins gac seacht mblian. Beir do bhuidheacas do Dhia, nár fhanais istig ann go dtáinig sí aníos an triomhadh uair, mar annsan dúnfaí an cómhla agus coimeádfaí istig tú b'ádhmharach an rud é gur sgeinis"
    Bhuel do thiormuig sí a chuid éadaig ag an dteine agus thug sí culaith le'n a mhac le chur air an fhaid a bhíodar a'thiormú. Thug sí béile maith dhó - arán agus bainne agus feóil.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork