School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 082

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 082

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 082
  3. XML “Bunán - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áit iargúlach sléíbhteamhail i gCo. Ciarraighe iseadh Bunán. Tá sé in aice le Gleann Garbh in iarthar Corcaighe. Do chómhnuigh bean ann fadó agus do bhí sí ana bhocht ar fad. Do bhí clann mór aice, agus uair amháín do rugadh triúr mac di in aon bhreith amháin. Do cheap an bhean nach mbeadh sí ábalta iad do chothughadh agus go bhfuigheadh siad bás leis an ocras. Dubhart an sagart léi gan bheith ag cainnt mar sin in aon chor. Annsan dubhairt an sagart gur dtógfadh sé féin duine des na leanbhaí agus go dtógfadh duine eile an bheirt eile.
    Do deineadh san agus nuair d'fás an triúr aca suas do bhí gach duine aca in a naomh. Is iad na h-ainmeacha a bhí ortha ná Collóg, Colmóg, agus Fiachna. Do thóg gach duine aca Cill agus tá siad curtha in aice na háite sin. Tá Colmóg curtha i gCill Mac Colmóg [?] i gChaolcoill agus tá Fiachna curtha i dTeampaillín Fiachna i mBunán, agus tá Collóg curtha i gCollóg seacht mhíle ó Chaolcoill.
    Nuair a bhí an sagart ag báisteadh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female